Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Ríocht Phoiblí a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

Is éard atá i gceist le ríocht phoiblí a thacaíonn le daoine breacaosta ná go mbíonn páirt ghníomhach glactha ag daoine scothaosta sa saol sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha araon. Bíonn an timpeallacht áitiúil níos fearr chun leasa gach aon duine dá réir. Freagraíonn Bailte a Thacaíonn le Daoine Breacaosta do na rudaí a theastaíonn ón bpobal de réir mar a théann siad in aois.

Is féidir dearadh agus cothabháil ar an timpeallacht thógtha sa phobal agus sa ríocht phoiblí a bheith mar chúis le stíl mhaireachtála shláintiúil agus ghníomhach a bheith ag daoine, seachas ceann a bhfuil ina bhfuil an tsoghluaisteacht teoranta agus leibhéil arda den aonrú sóisialta ann.

Nuair a bhíonn an timpeallacht tarraingteach agus inrochtana, is féidir tacú le daoine de gach aois taitneamh a bhaint as an saol gníomhach agus idirnasctha.

Tá foireann uirlisí curtha le chéile ag Aoisbhá Éireann ar féidir le pobail, bailte agus comharsanachtaí í a úsáid chun tacú lena gceantar féin nó a mbaile féin a athrú le bheith níos tacúla do dhaoine breacaosta. Tá na próisis, na cleachtais agus na huirlisí arna bhforbairt mar chuid den Chlár um Bhailte a Thacaíonn le Daoine Breacaosta in Éirinn curtha ar fáil san fhoireann uirlisí. Is féidir an fhoireann uirlisí seo a fháil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

De ghnáth, ní bhíonn costais bhreise i gceist le bheith tacúil le daoine breacaosta sa ríocht phoiblí, ach is féidir le hathruithe dearaidh d’aon ghnó a dhéantar chun freastal ar riachtanais agus ar mhianta daoine scothaosta saol daoine aosta a fheabhsú go mór, is éard atá i gceist ná athruithe beaga dearaidh a fheabhsaíonn an ceantar go mór do sheandaoine. Trí ghlacadh leis an dearadh do sheandaoine, cuirimid daoine óga san áireamh freisin, agus fágann sé sin go bhfuilimid ag pleanáil do riachtanais daoine ar gach uile aois tríd a bheith dírithe ar dhaoine aosta.

“Má ghlactar leis na dearadh ar mhaithe leis an aois óg, déantar neamhaird ar dhaoine breacaosta, ach má ghlactar leis an dearadh ar mhaithe le daoine breacaosta, freastalaítear ar riachtanais gach aon duine.”

Glenn Millar, Canadian Planner, Canadian Urban Institute