Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tacaíochtaí Cúraim Shóisialta & Sláinte

Ar fud na hÉireann tuigeann lucht déanta beartas go maith an fás atá ag teacht ar dhaonra atá ag dul in aois agus na dúshláin agus na deiseanna a chruthaíonn sé sin.

Tá athruithe suntasacha á ndéanamh chun seirbhísí ospidéil, seirbhísí cúraim phríomhúil, seirbhísí pobail agus seirbhísí cúraim chónaithe a sholáthar ar bhealach comhtháite. Glactar leis go forleathan gur mian le daoine fanacht ina gcónaí go neamhspleách ina dtithe féin chomh fada agus is féidir agus ba cheart go léireodh an tseirbhís sláinte agus cúraim shóisialta é seo. Tá tithíocht, agus an áit ina gcónaíonn tú, nasctha go dlúth leis seo.

Soláthraíonn an chuid seo faisnéis faoi na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta atá ar fáil agus conas rochtain a fháil orthu.