Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Beartas

Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Aosú-Comhráiteas Beartais

Ar an 27 Feabhra 2019, sheol an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Sláinte comhráiteas beartais dar teideal Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Aosú. Ullmhaíodh an comhráiteas beartais ag féachaint do thaighde atá déanta a léiríonn go bhfuil daonra na hÉireann ag aosú agus faoi mbliain 2051 meastar go mbeidh thart ar 1.6 milliún duine atá níos sine ná 65 bliain d’aois ina gcónaí in Éirinn.

Soláthraítear in ‘Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Aosú’ creat a chabhraíonn leis an Rialtas roghanna tithíochta do dhaoine scothaosta a éascú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear tithíocht le tacaíocht, tacaíonn sé freisin le bearta a bhunú lena chinntiú go bhfuil tithíocht inbhuanaithe (le tacaíochtaí más gá) á cur ar fáil sna suíomhanna cearta chun cur ar chumas daoine scothaosta maireachtáil ina bpobal féin más é sin a rogha.

Sonraítear sa bheartas 40 Gníomh Tosaíochta ina gcuimsítear sé phrionsabal bhunúsacha atá bunaithe ar thaighde suntasach a rinneadh maidir le riachtanais daoine scothaosta ar a bhfuil an phleanáil straitéiseach sa doiciméad bunaithe. Seo a leanas na prionsabail atá i gceist:

  • .• Bearta a bhunú lena chinntiú go bhfuil tithíocht inbhuanaithe á soláthar san áit cheart chun cur ar chumas daoine atá ag dul in aois fanacht ina bpobal féin
  • • Beartas agus cur chun feidhme a fhrámú lena chinntiú go dtacaíonn siad le hathnuachan agus le hathghiniúint lárionad uirbeach
  • • Tithíocht agus an timpeallacht a dhearadh de réir na bprionsabal a bhaineann le tithíocht inbhuanaithe ar feadh an tsaoil
  • • Tacú le húsáid a bhaint as teicneolaíocht chúnta chun tacú le daoine maireachtáil go neamhspleách
  • • A chinntiú go bhfuil breithniú mar is cuí á dhéanamh ar an ngá atá le nascacht shóisialta i ndáil le beartas a fhorbairt
  • • Oibriú i gcomhpháirt le gach páirtí leasmhar chun na cuspóirí beartais a chomhlíonadh

Grúpa Forfheidhmithe

I Meán Fómhair 2019 bunaíodh Grúpa Forfheidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar na Gníomhartha agus páirteach ann tá baill ón dá Roinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha. I bhfianaise líon mór Gníomhartha a gcuimsítear iontu líon suntasach gníomhaireachtaí, bunaíodh ceithre fhoghrúpa chun scrúdú a dhéanamh ar Ghníomhartha sonracha ón ráiteas beartais faoi shruthanna oibre sonracha.

Tá dhá thuarascáil foilsithe ag an nGrúpa Forfheidhmithe atá ar fáil anseo. Sonraítear iontu an obair atá á cur i gcrích ag an nGrúpa Forfheidhmithe agus ag na Foghrúpaí go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2020.   Tá na Grúpaí ag leanúint lena gcuid oibre agus foilseofar an tríú tuarascáil in 2021.

Tithíocht do Chách (2021)

As seo go ceann cúig bliana tá an Rialtas tiomanta do:

  • • Inacmhainneacht a chur ag croílár an chórais tithíochta
  • • Tús áite a thabhairt do sholáthar méadaithe tithe poiblí, sóisialta agus inacmhainne;
  • • Dlús a chur le scéim ceannacháin tithe inacmhainne a bhfuil an Stát ag tacú léi chun úinéireacht tithe a spreagadh;
  • • 50,000 teach a chur leis an stoc tithíochta sóisialta, agus béim a leagan ar thithe nua a thógáil;
  • • Déileáil le heaspa dídine;
  • • A chinntiú go bhfuil ról lárnach ag údaráis áitiúla i soláthar tithíochta;
  • • Oibriú leis an earnáil phríobháideach lena chinntiú go bhfuil meascán agus cineál oiriúnach tithíochta á soláthar ar fud na tíre; agus
  • • Soláthar agus inacmhainneacht cóiríocht chíosa agus sláine tionóntachta do chíosaithe.

Chun na gealltanais seo a chur i gcrích, tá tús curtha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an bpróiseas a bhaineann le fís nua a dhréachtú a thiocfaidh in ionad Atógáil Éireann a bhfuiltear ag súil a fhoilseofar i lár na bliana. Cosúil leis an gcaibidil i gClár an Rialtais, ‘Tithíocht do Chách’ a thabharfar air.

Ionas go mbeidh Tithíocht do Chách in ann difríocht a dhéanamh ag an scála riachtanach, tá sé á fhorbairt bunaithe ar chur chuige uile-Rialtais agus tá an Roinn ag obair ar bhonn gníomhach leis na príomh-Ranna chun an ráiteas beartais seo a chur i gcrích agus an plean gníomhaíochta níos déanaí sa bhliain.

Atógáil Éireann

Is plean Rialtais cúig bliana é Atógáil Éireann-Plean Gníomhaíochta um Thithíocht agus Easpa Dídine a foilsíodh i mí Iúil 2016.

Atógáil Éireann agus Daoine Scothaosta

Leagtar béim an athuair in Atógáil Éireann ar bheartas an Rialtais tacú le daoine scothaosta maireachtáil le dínit agus go neamhspleách i dtithe agus i bpobail dá rogha féin chomh fada agus is féidir leo. Chomh maith leis sin, sainaithnítear ann go gcruthaíonn aosú dhaonra na hÉireann dúshláin do bheartas poiblí a bhaineann le tithíocht, sláinte, pleanáil uirbeach agus tuaithe agus tugtar gealltanas ann cur leis an raon tacaíochtaí tithíochta atá ar fáil do dhaoine scothaosta, lena n-áirítear tithíocht le tacaíochtaí.

Déantar cur síos i nGníomhartha 2.16 – 2.19 ar conas a chuirfear é seo i gcrích trí shamhlacha dea-chleachtais, lena n-áirítear nuálaíocht i ndearadh agus i dteicneolaíochtaí nua agus maoiniú deontais a chur ar fáil chun tithe atá tógtha cheana féin a oiriúnú. Forbraíodh an Comhráiteas Beartais Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Aosú chun creat a bhunú chun na cuspóirí atá sonraithe i nGníomhartha Atógáil Éireann a chomhlíonadh.

Tá tuilleadh eolais maidir le Atógáil Éireann le fáil ar www.rebuildingireland.ie

Clár an Rialtais


Soláthraítear in An Clár Rialtais (2020) gealltanas maidir le hÉirinn atá Aoisbháúil, a thugann aitheantas do chaidreamh atá idir tithíocht agus sláinte. Aithnítear ann gur cheart do thithíocht, áit ar féidir, an rogha atá ar fáil a fheabhsú agus cur ar chumas daoine scothaosta fanacht ina gcónaí ina bpobail féin, gar dá dteaghlaigh agus líonra tacaíochta, fad is atá tairbhe á baint acu as cúram sláinte agus sóisialta. Tugtar tiomantas ann cur leis an rogha tithíochta atá ar fáil do dhaoine scothaosta chun deis a thabhairt dóibh “Aosú ina nÁit Féin” más féidir.

Sláintecare

Is fís nua don tseirbhís sláinte in Éirinn é Sláintecare. Tá sé mar aidhm le clár Sláintecare córas cúraim sláinte agus shóisialta leibhéal amháin a sholáthar a bheidh ar fáil do chách bunaithe ar riachtanas ní ar chumas íoc as seirbhísí. Díríonn Sláintecare ar chúram sláinte agus sóisialta a chur ar fáil san áit cheart ag an am ceart, agus leagtar béim ar sheirbhísí príomhúla agus pobail.

Is tionscnamh é agus maoinithe ag Sláintecare, an Clár Tithe Aoisbháúla Folláine, atá dírithe ar dhaoine aosta agus chun iad a chur ar a gcumas ag maireachtáil go neamhspleách ina gcuid dtithe féin a leanúint ar aghaidh ,nó i dteach atá níos oiriúnaí de réir a gcuid riachtanais, ag maireachtáil le neamhspleáchas, bheith cuid den phobal iad, agus tacaíocht a thabhairt le haghaidh iontráil roimh ré chuig cúram altranais go fadthréimseach a sheachaint. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chlár seo tríd leathanach gréasáin Tithe Aoisbháúla Folláine.

Tá tuilleadh eolais maidir le Sláintecare le fáil sna hacmhainní thíos:

Acmhainn

Healthy Age Friendly Homes Programme

 |  Fact sheets, Planning and regulation, Policy, Tips and tricks

The Healthy Age Friendly Homes Programme is an initiative, funded by Sláintecare, that aims to enable older people to continue living in their homes or in a home more suited to their needs, …

Age Friendly Guide to Right-Sizing

 |  Policy, Reports, Tips and tricks

This guide to rightsizing was developed based on research carried out on behalf of AgeFriendly Ireland in 2020. This booklet is intended for older people and their families whoare considering …