Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tithe Altranais

Go minic bíonn cúram cónaithe ag teastáil ó dhaoine i ndiaidh tréimhse a chaitheamh san ospidéal, nó b’fhéidir gurb é cúram cónaithe an rogha is fearr nuair nach féidir le duine scothaosta maireachtáil ina (h)aonar níos mó, mar gheall ar thinneas nó míchumas. Ní bheidh cúram cónaithe nó cúram i dteach altranais ag teastáil ach ó thart ar 5% de gach duine scothaosta.

Soláthraíonn FSS raon leathan seirbhísí atá deartha chun tacú le daoine fanacht ina gcónaí ina dtithe féin, ach nuair a theastaíonn cúram i dteach altranais ó dhaoine, uaireanta bíonn sé deacair teacht ar na seirbhísí atá ar fáil agus eolas a fháil faoi theidlíochtaí. Tá eolas maidir le tithe altranais le fáil ar shuíomh gréasáin FSS.

Tá seicliosta cruthaithe ag FSS chun cabhrú le cinntí a dhéanamh maidir le teach altranais phríobháidigh a roghnú atá le fáil anseo, ar shuíomh gréasáin FSS.

Anseo thíos tá na céimeanna a mholann FSS a d’fhéadfadh cabhrú leat leis an gcinneadh seo:

  1. 1. Seiceáil suíomh gréasáin FSS/HIQA chun liosta de na tithe altranais sa cheantar áitiúil a fháil. Labhair le daoine a bhfuil muinín agat astu agus a bhfuil taithí phearsanta acu ar thithe altranais, agus b’fhéidir go mbeidís in ann teach altranais a mholadh duit.
    1. Déan comparáid idir caighdeán na dtithe altranais atá á meas. Féach arna tuarascálacha cigireachta. Níor cheart féachaint ar na tuarascálacha seo ina n-aonar de bhrí go dtugtar léargas iontu ar phointe ama ar leith ach d’fhéadfaidís cabhrú leat cinneadh eolach a dhéanamh.
  2. 3. Tabhair cuairt ar na tithe altranais a bhfuil spéis agat iontu nó iarr ar dhuine éigin eile cuairt a thabhairt orthu. Má thugann tú cuairt ar theach altranais beidh deis agat na cónaitheoirí, an fhoireann agus suíomh an tí altranais a fheiceáil. Roimh do chuairt, smaoinigh ar na rudaí a mbaineann tábhacht leo dar leat. Ná bíodh imní ort ceisteanna a chur, iarr ar an bhfoireann aon rud a fheiceann tú agus a chloiseann tú nach dtuigeann tú a mhíniú, faigh amach cé ba cheart glaoch air má ritheann tuilleadh ceisteanna leat. Tabhair cuairt ar an teach altranais am éigin eile ar lá difriúil agus ag am difriúil i gcomparáid leis an gcéad chuairt a thug tú ar an teach altranais. Déan iarracht cuairt a thabhairt ar theach altranais déanach ar maidin nó ag meán lae. Tabharfaidh sé seo deis duit na cónaitheoirí a fheiceáil i rith an lae, ag amanna béile agus súil a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun. B’fhéidir go mbeadh ort coinne a dhéanamh roimh do chéad chuairt

Soláthraíonn an scéim Beart Cothrom tacaíocht airgeadais chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le cúram i dteach altranais a íoc. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an rannóg seo de shuíomh gréasáin FSS.

Naisc Úsáideacha

Acmhainn