Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Deontais Oiriúnaithe Tithe

Tá trí chineál deontais ar fáil do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas chun tacú leo a dtithe a oiriúnú.

    1. Soláthraíonn an Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas suas le €30,000 chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas oiriúnuithe, deisiúcháin nó oibreacha feabhais riachtanacha a dhéanamh ionas go mbeidh a gcóiríocht níos oiriúnaí dá riachtanais. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
    1. Soláthraíonn Deontas na nÁiseanna Soghluaisteachta suas le €6,000 chun íoc as an gcostas a bhaineann le hoibreacha bunúsacha chun fadhbanna soghluaisteachta a réiteach. Áirítear i measc na n-oibreacha cáilitheacha cathaoireacha staighre, cithfholcadáin boinn leibhéalta, rampaí rochtana, greimráillí agus roinnt mionoibreacha oiriúnaithe. Tá an deontas seo tástáilte ó thaobh acmhainne de. Tá tuilleadh eolais maidir le deontas na n-áiseanna soghluaisteachta le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ar shuíomh gréasáin Fhaisnéis do Shaoránaigh.
    1. Soláthraíonn Deontas na nÁiseanna Tithíochta do Dhaoine Scothaosta suas le €8,000 chun cabhrú le daoine scothaosta atá ina gcónaí i dtithe ina bhfuil na coinníollacha neamhfhabhracha chun deisiúcháin nó feabhsuithe riachtanacha a chur i gcrích. Áirítear i measc na n-oibreacha incháilithe deisiúcháin nó feabhsuithe struchtúrtha, athshreangú, deisiúcháin nó athsholáthar fuinneog agus doirse, soláthar uisce agus saoráidí sláintíochta, córas teasa etc. Tá an deontas seo tástáilte ó thaobh acmhainne de. Tá tuilleadh eolais le fáilar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus ar shuíomh gréasáin Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.

Tá tuilleadh eolais maidir le tithe a oiriúnú do dhaoine de réir mar a théann siad in aois le fáil ar shuíomh gréasáin Fhaisnéis do Shaoránaigh.