Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Comhairleoir Teicniúil um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

Tá Comhairleoir Teicniúil um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine Breacaosta i ngach aon údarás áitiúil a sholáthraíonn sainchomhairle tithíochta don phobal agus d’eagraíochtaí araon.

Tá sé mar phrionsabal lárnach atá mar bhonn agus taca le beartas tithíochta an rialtais ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta chun maireachtáil ina dteach féin le dínit agus le neamhspleáchas chomh fada agus is féidir. Is éard is aidhm leis ná a dheimhniú go mbeidh níos mó rogha ag daoine breacaosta trí raon roghanna tithíochta a chur ar fáil dóibh a bheidh oiriúnach dá riachtanais, ionas go mbeidh siad in ann pleanáil don todhchaí agus, a oiread is gur féidir, an teach ceart a roghnú dóibh féin.

Tá ball foirne i ngach údarás áitiúil atá sannta mar Chomhairleoir Teicniúil um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don údarás áitiúil sin. Cuireann siad sainchomhairle ar fáil don údarás féin, agus d’eagraíochtaí san earnáil phríobháideach freisin ar spéis leo tithíocht a oireann don aois a sholáthar, agus don phobal i gcoitinne chomh maith.

Is é ról an Comhairleoir Teicniúil um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine Breacaosta ná

  • • Feidhmiú mar phríomhphointe teagmhála le haghaidh nithe a bhaineann le saincheisteanna teicniúla maidir leis an tithíocht a thacaíonn le daoine breacaosta agus a bhaineann go sonrach leis an dearadh don saol agus do phrionsabail an dearaidh uilíoch
  • • Freagairt a thabhairt d’atreoruithe agus d’fhiosruithe ó raon earnálacha agus an fhoireann inmheánach ina measc (go háirithe ó Rannóga na Pleanála & na Tithíochta), chomh maith le geallsealbhóirí agus gníomhaireachtaí seachtracha, forbróirí na hearnála príobháidí, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus daoine aonair
  • • Faisnéis a chur ar fáil do chliaint faoi phríomhtheagmhálacha laistigh dá n-údarás áitiúil ar féidir leo saincheisteanna agus réitigh a phlé maidir leis an tithíocht a thacaíonn le daoine breacaosta agus oibreacha sa ríocht phoiblí
  • • Déan tagairt do na múnlaí dea-chleachtais i réimsí eile agus pleananna teicniúla agus sonraíocht forbartha a roinnt
  • • Teagmhálacha a sholáthar, de réir mar is cuí, maidir le daoine lasmuigh den údarás áitiúil a d’fhéadfadh treoir agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil, go háirithe maidir le prionsabail an dearaidh uilíoch agus cosc na coireachta trí phrionsabail an dearaidh timpeallachta

Ag seo thíos, féach liosta de Chomhairleoirí Teicniúla um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

An tÚdarás ÁitiúilComhairleoir Teicniúil um an Tithíocht a Thacaíonn le Daoine BreacaostaSonraí Teagmhála
Comhairle Contae CheatharlachLily Slye
Comhairle Contae an ChabháinThomas Reilly
Comhairle Contae an ChláirJean McInerney
Comhairle Cathrach ChorcaíEleanor Lehane
Comhairle Contae ChorcaíShane Jones
Comhairle Contae ChorcaíMark Collins
Comhairle Contae Dhún na nGallTrudi O’Reilly
Comhairle Cathrach Bhaile Átha CliathJessica Lange
Dún Laoghaire/ Ráth an DúinEdwin Johnson
Comhairle Contae Fhine GallDavid Drain
Comhairle Cathrach na GaillimheAnn Marie Cusack
Comhairle Contae na GaillimheJason Lavelle
Comhairle Contae ChiarraíCaroilin Liston
Comhairle Contae Chill DaraPatrick Henderson
Comhairle Contae Chill ChainnighEvelyn Graham
Comhairle Contae LaoiseTrevor Hennessey
Comhairle Contae LaoiseDiarmaid Lalor
Comhairle Contae LiatromaJustin Fannon
Udaráis Áitiúla Chontae LuimnighSarah Newell
Comhairle Contae an LongfoirtOrla Maguire
Comhairle Contae LúJohn Lawerence
Comhairle Contae Mhaigh EoMatt Stevens
Comhairle Contae na MíSilvana Di Cioccio
Comhairle Contae MhuineacháinJohn Rice
Comhairle Contae MhuineacháinGary Toye
Comhairle Contae Uíbh FhailíNoelle McGinley
Comhairle Contae Ros ComáinConor Fallon 
Comhairle Contae ShligighSean Martin
Comhairle Contae Átha Cliath TheasPaddy DeRoe
Comhairle Contae Thiobraid ÁrannLiam Ryan
Comhairle Cathrach agus Contae Phort LáirgeEmma Power
Comhairle Contae na hIarmhíPaul Hogan
Comhairle Contae Loch GarmanTherese Nolan
Comhairle Contae Chill MhantáinAideen Klauer
Wicklow County CouncilHelena Fallon
Comhairle Contae Chill MhantáinAideen Klauer