Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Inbhuanaitheacht

Is féidir leis na cinntí cearta dearaidh maidir le foirm an fhoirgnimh, leagan amach tí, leibhéil inslithe, méid agus treoshuíomh gloinithe, úsáid fuinnimh in-athnuaite, córas téimh, rogha ábhar tógála agus bearta chun uisce a chaomhnú, cur go mór le hinbhuanaitheacht tí. Ina theannta d’fhéadfaí coigiltis a dhéanamh sna costais reatha mar thoradh ar na cinntí seo agus go mbeidh sé i bhfad níos compordaí maireachtáil sa bhaile.

De ghnáth, meastar go gcuimsíonn inbhuanaitheacht trí chomhpháirt – sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil.

Tithe Aonair

Chun éifeachtúlacht fuinnimh agus dálaí compordacha tithe a fheabhsú ar bhealach costéifeachtach caithfear go leor saincheisteanna a mheas go cúramach ag céim an dearaidh, mar dhlúthú an dearaidh, treoshuímh, insliú theirmeach agus bainistíocht athraithe aeir. Níor cheart go mbeadh bainistíocht ghníomhach an tí ag teastáil ó theach inbhuanaithe dea-dheartha agus ba cheart go leanfadh sé de shochair chostais agus chompord a sholáthar ar feadh shaolré an fhoirgnimh. Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar an gcothabháil fhadtéarmach a theastaíonn chun an éifeachtúlacht fuinnimh is fearr a chothabháil, agus ar fhuinneamh corpraithe na n-ábhar nó na gcomhpháirteanna beartaithe. Tá roinnt deontas ar fáil chun éifeachtúlacht fuinnimh ár dtithe a fheabhsú. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na deontais seo a fháil ar an leathanach maidir le hiarfheistiú agus athchóiriú ar ár láithreán gréasáin.

Is éard atá i gceist le Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) tí, a chaithfear a sholáthar don cheannaitheoir nó don tionónta nuair a dhéantar foirgneamh a thógáil, a dhíol nó a ligean ar cíos, ná lipéad ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh an tí, arna léiriú mar Rátáil Fuinnimh (A1, B1, B2, B3 srl) le haghaidh an baile. Cuimsíonn an BER meastachán freisin ar na hastuithe CO2 a bhaineann leis an úsáid fuinnimh seo agus tuarascáil chomhairleach. Tá treoir agus cúnamh maidir le húsáid inbhuanaithe fuinnimh ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).

Ón 1 Samhain 2019, tá caighdeáin tógála nua curtha i bhfeidhm maidir le gach teach cónaithe nua. Is gnách go mbíonn Rátáil Fuinnimh Foirgnimh A2 de dhíth ar thithe nua anois. Tugtar Foirgnimh nach mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh (NZEB) ar thithe nua leis an ardleibhéal feidhmíochta fuinnimh seo. Beidh tithe NZEB 70% níos tíosaí ar fhuinneamh agus astaíonn siad 70% níos lú dé-ocsaíd charbóin ná iad siúd a tógadh faoi chaighdeáin  Rialacháin Fhoirgníochta 2005. Mar thoradh ar na caighdeáin nua tá tithe nua níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos saoire le téamh, agus tugann siad tairbhí sláinte freisin trí chompord méadaithe agus cáilíocht aeir níos fearr. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na caighdeáin seo a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Macraleibhéal

Ag an macraileibhéal, is féidir forbairt inbhuanaithe a bhaint amach mar seo a leanas:

Sóisialta:

  • • Tionacht Mheasctha – féadann comhtháthú agus easpa aonraithe sóisialta deiseanna oideachais agus fostaíochta níos fearr a sholáthar do gach grúpa ioncaim

oideachais agus fostaíochta níos fearr a sholáthar do gach grúpa ioncaim Eacnamaíoch:

  • • Lonnaíocht níos dlúithe – bíonn níos mó gnóthaí áitiúla inmharthana
  • • Tréscaoilteacht fheabhsaithe – méadú ar líon na ndaoine, ag cur borradh faoin ngnó áitiúil
  • • Lonnaíocht níos dlúithe – níos mó talún a choinneáil in úsáid talmhaíochta, ag laghdú an ghá le hallmhairí
  • • Cineálacha Tithe Measctha – éascaítear roghanna do dhaoine aosta maireachtáil níos faide laistigh dá bpobal agus ar an gcaoi sin an gá le cúram lánaimseartha a laghdú

Comhshaoil:

  • • Lonnaíocht níos dlúithe – bíonn iompar poiblí níos inmharthana ar bhonn tráchtála
  • • Lonnaíocht níos dlúithe – bíonn níos mó áiseanna inmharthana laistigh d’achar siúil (tá teimpléad ullmhaithe ag AFI ina leith seo chun oiriúnacht na láithreacha do Thithíocht Aoisbháúil a mheas (tag: nasc)
  • • Tréscaoilteacht fheabhsaithe – rochtain níos éasca, níos mó áiseanna laistigh d’achar siúil
  • • Cáilíocht Fheabhsaithe Réimse Poiblí – agus sábháilteacht fheabhsaithe, bíonn sé níos tarraingtí siúl agus dul ag rothaíocht.

alt