Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Dearadh Uilíoch

Sainmhínítear Dearadh Uilíoch san Acht um Míchumas 2005 mar “dearadh agus comhdhéanamh timpeallachta ionas gur féidir rochtain a fháil uirthi, í a thuiscint agus a úsáid a mhéid is indéanta, ar an mbealach is neamhspleáiche agus is nádúrtha agus is féidir, sa raon cásanna is leithne agus gan gá le hoiriúnú, modhnú, gairis chúnaimh nó réitigh speisialaithe, ag daoine d’aon aois nó méid nó a bhfuil aon chumas nó míchumas coirp, céadfach, meabhairshláinte nó intleachtúil ar leith acu.”

Is éard atá i gceist le Dearadh Uilíoch tithe agus timpeallachtaí a chruthú atá éasca do dhaoine a úsáid agus a léiríonn go dtagann athrú ar chumas ag gach duine agus iad ag dul ar aghaidh trí na céimeanna éagsúla dá saol. Tá sé tábhachtach do dhearthóirí úsáideoirí ionchasacha uile an tí a chur san áireamh le linn an phróisis dhearaidh d’fhonn teach a chruthú nach gcuireann cosc ar grúpaí áirithe ó bheith rannpháirteach i ngnáthghníomhaíochtaí laethúla. Léirítear le taithí gur minic a chruthaíonn freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas nó daoine aosta réitigh dearaidh a théann chun leasa raon níos leithne grúpaí úsáideoirí, lena n-áirítear daoine le leanaí óga i mbugaithe, daoine le gortuithe sealadacha nó a bhfuil bagáiste nó troscán trom á n-iompar acu.

Is iad príomhphrionsabail an Dearaidh Uilíoch:

Cuid M (Rochtain agus Úsáid) Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin Foirgníochta cur chuige uilechuimsitheach a chothú maidir le dearadh agus tógáil na timpeallachta tógtha agus tá sé mar bhonn agus taca le fealsúnacht an Dearaidh Uilíoch. Éilíonn Cuid M (Rochtain agus Úsáid) go ndéantar soláthar leordhóthanach do dhaoine le go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar fhoirgneamh, a shaoráidí agus a phurláin agus in ann iad a úsáid. Leagtar amach i nDoiciméad Treorach Teicniúil M (TGD M) treoir maidir leis an leibhéal íosta soláthair chun riachtanais Chuid M i gcleachtas a chomhlíonadh. Ba cheart dóibh siúd a bhfuil baint acu le dearadh agus tógáil foirgneamh aird a thabhairt ar fhealsúnacht dearaidh an Dearaidh Uilíoch áfach agus smaoineamh ar fhorálacha breise a dhéanamh nuair is indéanta agus is iomchuí. Chun na críche sin, tugtar liosta tagairtí úsáideacha, a mholann inrochtaineacht níos fearr, ag deireadh TGD M.

Is féidir tuilleadh comhairle agus treorach a fháil ag an Ionad Bairr Feabhais i nDearadh Uilíoch.

Tá rochtain ar ardaitheoir agus leis an gcóiríocht go léir ar urlár amháin, tá árasáin oiriúnach go háirithe chun freastal ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, fiú amháin dóibh siúd a bhíonn siad ag brath ar chathaoireacha rothaí, agus comhlíonann siad an chéad phrionsabal den Dearadh Uilíoch, trí rochtain chothrom ar gach seomra a sholáthar, ar bhealach costéifeachtach. Tá sé seo fíor go háirithe in árasáin plean oscailte atá saor ó bhacainní. De ghnáth ní féidir árasáin ilstóracha a leathnú, go háirithe chun seomraí folctha a sholáthar atá inúsáidte go hiomlán ag daoine a bhfuil riachtanais speisialta soghluaisteachta acu. Ach leagtar amach in Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua (2018)  an ceanglas go gcaithfear 10% d’achar urláir breise a sholáthar d’fhormhór na n-aonad i bhforbairtí le níos mó ná 9 n-árasán. Dá réir sin, is féidir an deis a thapú laistigh de na limistéir éigeantacha mhéadaithe urláir, d’árasáin leagan amach inmheánach a sholáthar atá oiriúnach do theaghlaigh a d’fhéadfadh soghluaisteacht laghdaitheach a bhaineann le haois a fhorbairt, ar aon dul go hiomlán le Prionsabail an Dearaidh Uilíoch, ach gan mórán costas breise. Féadann árasáin níos mó den sórt sin cóiríocht mhaith a sholáthar don éagsúlacht is leithne tionóntaí.

Naisc Úsáideacha

Acmhainn