Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Bailte, Pobail agus Sráidbhailte a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

Is éard atá i gceist le Baile nó Pobal a Thacaíonn Le Daoine Breacaosta ná go mbíonn páirt ghníomhach glactha ag daoine scothaosta sa saol sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha araon agus go gcuirtear feabhas ar an timpeallacht áitiúil ar mhaithe le leas gach aon duine.

I mBailte/Sráidbhailte a Thacaíonn le Daoine Breacaosta freastalaítear ar na riachtanais atá ag an lucht aosta. Is éard an tslí a thagann siad ar an saol ná go dtagann daoine scothaosta le chéile agus oibríonn siad i gcomhar le grúpaí eile sa phobal, údaráis áitiúla, seirbhísí sláinte, cuideachtaí iompair agus / nó gnólachtaí áitiúla mar shampla, chun an áit ina gcónaíonn siad a athrú ar mhaith lena leasa féin agus le leas an phobail i gcoitinne.

Trí thús áite a thabhairt do rannpháirtíocht daoine scothaosta, bíonn Bailte a Thacaíonn le Daoine Breacaosta ag cur feabhas ar an saol do gach uile dhuine sa phobal. Cinntear go leor de na príomhchinntithigh ar cháilíocht na beatha ag an leibhéal áitiúil, agus go minic is iad na rudaí is lú is cúis leis na difríochtaí is mó a chuirtear i gcrích.

Tá ocht dtéama a thacaíonn le Daoine Breacaosta a shainíonn cáilíocht na beatha laethúla do dhaoine brachaosta sainaitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) . Tá Aoisbhá Éireann tar éis cur leo trí na rudaí is féidir a bhaint amach, go praiticiúil, sa fíorshaol, a thaispeáint i leith gach aon cheann de na réimsí téamacha seo. Ar an mbealach seo is féidir iad a úsáid i gcomhairliúcháin chun a mheas cé chomh cairdiúil is atá baile do bhaile.

Is iad na 8 dtéamaí sin ná

  • • Spásanna Allamuigh agus Foirgnimh
  • • An tIompar
  • • An Tithíocht
  • • An Rannpháirtíocht sa tSochaí
  • • Meas agus an tIonchuimsiú Sóisialta
  • • An Rannpháirtíocht Shibhialta agus an Fhostaíocht
  • • An Chumarsáid agus an Fhaisnéis
  • • Seirbhísí Tacaíochta agus Seirbhísí Meabhairshláinte

Acmhainn

Age Friendly Seating

 |  Design guidelines, Tips and tricks

Seating is a really important component of Age Friendly communities. Appropriate seating supports people of all ages and abilities to access their local community. appreciates an opportunity to rest, and …

Irish Wheelchair Association – Great Outdoors Access Guidelines

 |  Design guidelines, Reports, Tips and tricks

Irish Wheelchair Association’s Sports Department in conjunction with Sport Ireland developed the concept of designing and delivering outdoor access guidelines that could be used by various organisations, that provide and …