Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Maireachtáil Fholláin

Sa rannóg seo tá noda le fáil maidir le conas maireachtáil go sláintiúil agus go sábháilte de réir mar a théimid in aois.

Noda maidir le Maireachtáil Fholláin

Tá na fachtóirí a bhfuil tionchar acu ar aosú bisiúil ilghnéitheach. Tá eolas le fáil ag na naisc thíos maidir le cuid na saincheisteanna agus fachtóirí sláinte coitianta a bhféadfadh tionchar a bheith acu de réir mar théimid in aois:

Titim a Chosc agus Cnámhshláinte

Thuairiscigh FSS agus seirbhísí atá á maoiniú ag FSS 35,187 titim in 2018. Cosnaíonn bainistíocht ospidéil €45 milliún gach bliain (NOCA 2018). Méadaíonn an riosca titime de réir mar a théann daoine in aois. De réir mar a bheidh an t-ionchas saoil ag feabhsú méadóidh an líon bristeacha. (Kelly 2018).

Ná fan go dtí go dtiteann duine éigin – cuir bearta coisctheacha i gcrích, ionas gur féidir na rioscaí a mhodhnú.

Ní féidir linn stop a chur leis an bpróiseas aosaithe, ach is féidir linn cur i gcoinne cuid de na héifeachtaí trínár stíl mhaireachtála a athrú beagán. Is é titim a tharla roimhe seo (le nó gan gortú) ceann de na fachtóirí riosca is mó a bhaineann le titim arís. Moltar i dtreoirlínte más rud é gur thit tú gur cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar do shláinte mura ndearnadh é seo go huathoibríoch. Mínigh an méid a tharla do do Dhochtúir Teaghlaigh, Fisiteiripeoir nó Gairmí Sláinte eile ag do chéad choinne eile. Mura bhfuil tú ag freastal ar choinní go rialta, déan coinne speisialta chun an méid a tharla a phlé le duine éigin.

Cabhraíonn gníomhaíocht fhisiciúil rialta agus gníomhaíochtaí glactha meáchain le do chuid matán a láidriú is cuma cén aois atá tú. Is féidir na cleachtaí láidrithe matán agus cothromaíochta a chur ar fáil mar chuid de chláir ghníomhaíochta fisiciúla sa Phobal áitiúil, cláir cosúil le ‘Go for Life’ nó Otago. Fisiteiripeoir, Gairmí Sláinte eile nó soláthróirí oilte in ionaid phobail nó grúpaí pobail e.g. Comhpháirtíochtaí Spóirt, grúpaí gníomhaíochta lucht scoir. Tionscnamh eile é ‘Let’s Get Moving’ atá deartha do dhaoine scothaosta atá ag ‘clutharú’

Tá oistéapóróis ag 90% de dhaoine a bhriseann corróg. Tá oistéapóróis ag 50% de dhaoine atá os cionn 80 bliain d’aois. Nuair a shlánaíonn daoine 35 bliain d’aois tosaíonn dísciú cnámh ag tarlú go tapa. Oibríonn na cealla atá freagrach as cnámh a bhriseadh síos (osteoclasts) níos crua ná na cealla a thógann cnámh (osteoclasts). Má tá an dísciú cnámh suntasach, d’fhéadfadh oistéapóróis forbairt, rud is cúis le cnámha atá póiriúil agus leochaileach. Cabhróidh aiste chothromaithe bhia a chinntiú go bhfaigheann tú dóthain cailciam ionas go mbeidh do chnámha láidir, 700mg gach lá chun oistéapóróis a chosc (bileoga an Chumainn Náisiúnta Oistéapóróise – Maireachtáil Fholláin, Cnámha Láidre). Is féidir vitimín D, a chabhraíonn leis an gcorp cailciam a ionsú, a fháil ó sholas na gréine agus ó bhianna áirithe. Beidh Cógaiseoirí Pobail in ann comhairle a thabhairt maidir le forlíontaí de bhrí nach mbeidh gach forlíonadh oiriúnach do gach duine.

Tagairt: Kelly, M.A., McGowan, B., McKenna, M.J., Bennett, K., Carey, J.J., Whelan, B. agus Silke, C. (2018) Emerging trends in hospitalisation for fragility fractures in Ireland. Irish Journal of Medical Science, 187(3), lgh. 601-608.

Sonraí Teagmhála Úsáideacha: