Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Slánchumhdach

Tá faisnéis le fáil sa rannóg seo maidir le mí-úsáid daoine scothaosta a chosc agus a thuairisciú.

Ní bhíonn ar fhormhór de dhaoine scothaosta déileáil le mí-úsáid. Ach ar an drochuair, d’fhéadfadh daoine díobháil a dhéanamh do dhaoine scothaosta nó iad a mhí-úsáid. D’fhéadfadh go mbeadh duine scothaosta ag déileáil le níos ná cineál amháin mí-úsáide ag aon tráth áirithe.

D’fhoilsigh Rannán Cúraim Shóisialta FSS beartas ina gcuimsítear Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta agus Seirbhísí Míchumais. ‘Daoine Leochaileacha atá i mBaol Mí-úsáide a Shlánchumhdach’. Soláthraítear beartas uileghabhálach amháin sa bheartas seo a gcuimsítear ann seirbhísí maidir le Mí-úsáid Daoine Scothaosta agus Daoine faoi Mhíchumas.   Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin FSS.

Tá tús curtha ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) le caighdeáin náisiúnta a fhorbairt do sheirbhísí Tacaíochta Baile, obair atá le cur i gcrích faoi dheireadh 2022. Tá eolas breise maidir leis an bpróiseas a bhaineann le caighdeáin fhianaisebhunaithe a fhorbairt le fáil ar shuíomh gréasáin HIQA .

Tá físeán gearr forbartha ag HIQA ina mínítear Slánchumhdach Aosach:

Teagmhálaithe agus Naisc Úsáideacha: