Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tá sé tábhachtach dúinn go léir go mbeimid compordach agus sláintiúil níos déanaí sa saol. Tá ionchais dhaoine breacaosta ag athrú. Tá na ‘seandaoine nua’ níos sláintiúla, níos gníomhaí agus baineann siad níos mó díobh úsáid as an teicneolaíocht. Chun freastal ar na hionchais seo atá ag athrú, tá gá le meascán níos leithne de roghanna tithíochta agus tacaíochtaí cúram sláinte atá aoisbháúil, agus a n-oirfidh do nósanna maireachtála éagsúla.

I measc na roghanna tithíochta seo, is féidir tithe atá ann cheana féin a oiriúnú chun go n-oirfidh siad níos fearr do riachtanais dhaoine de réir mar a théann siad in aois, chomh maith le forbairtí tithíochta nua a thógáil, ar díol agus ar cíos, atá mealltach agus tarraingteach do dhaoine aosta.

Is teach é Teach Aoisbháúil ar féidir le daoine de gach aois é a úsáid le linn an tsaoil ar fad. Oireann sé go háirithe do sheanóirí, ar dhaoine iad a n-athraíonn na riachtanais atá acu de réir mar a théann siad in aois. Sna Tithe Aoisbháúla, cuimsítear gnéithe tábhachtacha ar nós rochtain leibhéalta agus bheith ábalta dul isteach agus amach go héasca. Tá siad imeasctha sa cheantar agus is féidir teicneolaíocht chúnta a chuimsiú iontu a thacóidh leis an aosú in áit. Cabhraíonn Tithe Aoisbháúla le forbairt tithíochta a sheasfaidh an aimsir do dhaonra atá ag dul in aois.

“Ní bhaineann sé leis an tithíocht amháin, tá pobal á chruthú anseo freisin”

An Ghníomhaireacht Tithíochta, 2018

Cuireann an suíomh gréasáin seo acmhainní, treoir agus nascanna ar fáil le haghaidh foinsí eile eolais chun tacú le daoine maireachtáil go maith de réir mar a théann siad in aois. Gheobhaidh tú eolas anseo mar gheall ar thithe nua agus reatha, deontais agus cistiú, cúram sláinte, eolas maidir le dearadh, le teicneolaíocht, an ríocht phoiblí, rialacháin, polasaí agus taighde.

An Nuacht is Déanaí

Healthy Age Friendly Homes Weblink

We are delighted to announce that the Healthy Age Friendly Homes weblink is now accessible through the HSE website click here.   We extend our sincere thanks to the HSE …

Mountbellew Age Friendly Homes

Cathaoirleach of Galway County Council, Cllr. Liam Carroll, and Minister of State Anne Rabbitte T.D., officially turned the sod of a new housing development, currently being delivered by Tuath in …