Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Is acmhainn é an suíomh gréasáin seo le haghaidh eolais ar thopaicí tithíochta a bhfuil suim faoi leith ag daoine aosta iontu.

Tá an suíomh gréasáin seo ann chun tacú le:

  • • Daoine aonair ar mian leo a dteach a oiriúnú nó teach den mhéid cheart a fháil.
  • • Forbróirí, údaráis áitiúla, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT), soláthróirí cúraim, cleachtóirí teicniúla, gairmithe cúraim sláinte, eagraíochtaí neamhrialtais, ailtirí, oideoirí agus mic léinn.
  • • Páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear ionadaithe tofa, Cumann Rialtas Áitiúil na hÉireann, rannóga poiblí agus rannóga státseirbhíse.
  • • Na meáin

Gheobhaidh tú treoir theicniúil, taighde, dearadh, sonraí, reachtaíocht, eolas ar pholasaí agus cás-staidéir. Sa suíomh gréasáin cuirtear le chéile smaointe agus acmhainní chun feabhas a chur ar, agus bonn taca a chur faoi, roghanna a bhaineann le tithíocht, sláinte agus cúram sóisialta. Cuirtear ar fáil freisin sonraí teagmhála agus achoimre ar na meicníochtaí cistithe agus na scéimeanna atá ar fáil.

Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, an Roinn Sláinte, Aoisbhá Éireann agus an Ghníomhaireacht Tithíochta a chruthaigh agus a pháirtmhaoiníonn an suíomh gréasáin Tithe Báúil le hAois. Is é Aoisbhá Éireann a dhéanann é a óstáil agus a bhainistiú ar bhonn laethúil.

D’eascair an suíomh gréasáin seo as Gníomh 1.3 den Chomhráiteas Polasaí 2019 ‘Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag dul in Aois’, a d’fhorbraigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, agus an Roinn Sláinte, le tacaíocht ó phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear FSS, an Ghníomhaireacht Tithíochta agus Aoisbhá Éireann. D’aontaigh na páirtithe seo go bhfreastalófaí ar Ghníomh 1.3 den ráiteas polasaí trí shuíomh gréasáin Tithe Báúil le hAois a fhorbairt.