Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Gheobhaidh tú anseo naisc úsáideacha do thaighde agus do shonraí ábhartha.

    • Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh eolas ar fáil ón daonáireamh maidir le déimeagrafaic ar féidir rochtain a fháil orthu ar a suíomh gréasáin.
    • Is staidéar mórscála ar an aosú in Éirinn é an Staidéar Fadaimseartha ar an Aosú in Éirnn. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin taighde seo, agus naisc a aimsiú do phíosaí taighde agus do shonraí ábhartha eile ar a shuíomh gréasáin.
    • Is gníomhaireacht stáit í An Bord Taighde Sláinte a thacaíonn le taighde chun cosc a chur ar thinneas, feabhas a chur ar shláinte agus an cúram d’othair a athrú ó bhonn. In 2021 d’fhoilsigh sé an tuarascáil Tithíocht le Tacaíocht do Dhaoine Aosta. Is féidir rochtain a fháil ar an tuarascáil seo ar shuíomh gréasáin an Bhoird Taighde Sláinte.
    • Cuireann an Housing Learning and Improvement Network (HousingLIN) bunaithe sa Ríocht Aontaithe, mol eolais chuimhsitheach ar fáil ina bhfuil acmhainní ar thithíocht agus ar aosú. Is féidir rochtain a fháil ar an mol eolais ar shuíomh gréasáin HousingLIN.
    • D’fhoilsigh an Comhchoiste Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil tuarascáil ar Roghanna Tithíochta do Dhaoine Aosta in 2018. Is féidir rochtain a fháil ar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.
    • Ba chomhchlár é an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach faoi cheannas na Roinne Sláinte i gcomhar le FSS agus Atlantic Philanthropies. Bhí sé mar aidhm aige an dul chun cinn in Éirinn a thomhas mar áit iontach chun dul in aois. Sholáthraigh an tionscnamh seo acmhainní ar féidir rochtain a fháíl orthu ar shuíomh gréasáin HaPAI.