Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Deontais agus Maoiniú

Tá roinnt roghanna maoinithe ar fáil chun tacú le daoine scothaosta lena riachtanais tithíochta

Sa rannóg seo clúdaítear an maoiniú atá ar fáil do dhaoine ar mian leo a dtithe a oiriúnú agus a fheabhsú. Chomh maith leis sin, clúdaítear cuid de na sruthanna maoinithe atá ar fáil do sholáthraithe tithíochta.

Tá seicliosta cuimsitheach de na seirbhísí agus teidlíochtaí atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le fáil ar shuíomh gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh. B’fhéidir go mbeadh cuid acu seo oiriúnach do dhaoine scothaosta chomh maith.