Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Baile a Oiriúnú

Uaireanta bíonn gá ann teach atá ann cheana féin a athrú le bheith níos oiriúnaí agus níos compordaí maireachtáil ann de réir mar a théimid in aois.

Ina lán cásanna, éiríonn sé deacair do dhaoine maireachtáil sa teach ina raibh siad ina gcónaí cuid mhaith dá saol de réir mar a théann siad in aois. D’fhéadfadh sé a bheith ag teastáil athruihte a chur leis an teach le bheith níos sábháilte agus níos compordaí ionas go mbeidh siad in ann fanacht ina gcónaí ann. Braitheann na hathruithe a bhíonn ag teastáil sa chás ar leith ar an baile ar leith atá i gceist agus ar an duine ar leith atá ina chónaí ann.

Is príomh-acmhainní é an Clár Tithe Aoisbháúla Folláine do dhaoine atá ag smaoineamh a dteach a oiriúnú. Soláthraíonn an clár seo rochtain ar Chomhordaitheoir Clár Tithe  Aoisbháúla Folláine chun measúnú riachtanas a dhéanamh chun a fháil amach cén tacaíochta atá ag teastáil le haghaidh ag maireachtáil go neamhspléach i do theach féin a leanúint ar aghaidh. Fobrófar plean tacaíochta bunaithe ar an measúnú seo. Is féidir leis an gcomhordaitheoir eolas a chur ar fáil freisin ar do theach a oiriúnú, deontais, agus tacaíochta cúraim sláinte agus sóisialta.

Is féidir le teiripeoir saothair comhairle a thabhairt maidir leis na hathruithe agus na mionathruithe atá ag teastáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh le teiripeoir saothair tríd an rannóg chúraim phobail san Oifig um Shláinte Áitiúil i do cheantar féin.

D’fhéadfadh go mbeadh ailtire ag teastáil chun cuidiú leis an obair oiriúnaithe, chun an dearadh is oiriúnaí a chinneadh, agus chun comhairle a thabhairt maidir le costais agus cead pleanála. Is féidir liosta ailtirí cláraithe a fháil ar eolaire ailtirí an RIAI

Tá roinnt deontas atá ar fáil chun teach a oiriúnú. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil fúthu ar an leathanach Deontais & Maoiniú.

Seo a leanas roinnt athruithe coitianta ar cheart iad a chur san áireamh nuair a táthar chun teach a oiriúnú:

  • Doirse agus dorchlaí a leathnú amach
  • • Lasca solais, hanlaí doirse, cloigíní dorais agus fóin iontrála a aistriú le bheith ar airde áisiúil a oireann don duine
  • Greimráillí a shuiteáil le haghaidh tacaíochta
  • Áiseanna seomra folctha a oiriúnú (mar shampla, an folcadán a bhaint agus cith a shuiteáil a bhfuil rochtain cothrom air)
  • Áiseanna seomra folctha nó seomra leapa a aistriú thíos staighre go leibhéal na talún
  • Rampaí a shuiteáil chun céimeanna a sheachaint
  • A chinntiú go bhfuil dromchla cothrom, daingean ar na bealaí isteach agus amach taobh amuigh, dála chosán agus cabhsán
  • Ardaitheoir staighre nó ardaitheoir a shuiteáil
  • • Troscán speisialaithe a fháil, cosúil le leaba inchoigeartaithe nó cathaoireacha ard-tacaíochta
  • Feistí foláirimh a shuiteáil do dhuine atá bodhar nó a bhfuil moill éistigh air

An Beartas Pleanála agus Forbraíochtaí Díolmhaithe

Teastaíonn cead pleanála le haghaidh na forbraíochta in Éirinn, i bhformhór cásanna. Mar sin féin, sa reachtaíocht phleanála, ceadaítear roinnt forbartha a dhéanamh gan gá ann glacadh leis an bpróiseas pleanála, rud a fhágann gur féidir forbairt den sórt sin a dhéanamh níos gasta agus costas níos ísle a bheith i gceist leis freisin. Tugtar an fhorbairt dhíolmhaithe air.

Is éard atá i gceist leis an bhforbairt dhíolmhaithe ná forbairt nach dteastaíonn cead pleanála chun í a dhéanamh. Tá catagóirí den fhorbairt dhíolmhaithe leagtha amach sa dlí pleanála. De ghnáth, bíonn tairseacha áirithe ann a bhaineann le, mar shampla, méid na forbraíochta nó le hairde na forbraíochta. Nuair a sháraítear na tairseacha sin, ní bhíonn feidhm ag na díolúintí a thuilleadh. Is é cuspóir na díolúine ná na rialuithe a sheachaint nuair is forbairt bheag atá i gceist, mar shampla síntí beaga le tithe.

Cineálacha den fhorbairt díolmhaithe a bhaineann le Tithe a thacaíonn le Daoine Breacaosta

Síntí baile – díolmhaithe más ar chúl an tí iad agus má chomhlíonann siad na cinníollacha seo a leanas:

  • • Ceantar
    • o ní mhéadaítear achar urláir bunaidh an tí faoi níos mó ná 40 méadar cearnacha;
    • o i gcás tithe sraithe nó leathscoite, ní mó achar urláir aon síneadh nach ar leibhéal na talún é thar 12 mhéadar cearnach;
    • o aon síneadh atá déanta níos airde ná leibhéal na talún, tá sé 2m ó aon teorainn, ar a laghad;
    • o níl aon síneadh a dhéantar níos airde ná an teach;
    • o ní laghdaíonn aon síneadh achar an spáis oscailte phríobháidigh, atá curtha in áirithe d’áititheoirí an tí, go dtí níos lú ná 25 méadar cearnach.
  • • Airde:
    • o mura bhfuil binn tí i mballa cúil an tí, níor chóir go mbeadh airde bhallaí an sínte níos airde ná airde bhalla chúl an tí;
    • o más síneadh díon cothrom atá i gceist, ní féidir airde an chuid is airde den díon a bheith níos airde ná airde na sceimhleacha nó airde na huchtbhalla. In aon chás eile, ní féidir aon chuid den díon nua a bheith níos airde ná an chuid is airde de dhíon an tí;
  • • Fuinneoga;
    • o níor chóir aon fhuinneoga atá beartaithe do leibhéal na talún mar chuid de shíneadh níos lú ná 1 mhéadar ón teorainn atá rompu;
    • o níor chóir aon fhuinneoga atá beartaithe do leibhéal níos airde ná leibhéal na talún a bheith níos lú ná 11 mhéadar ón teorainn atá rompu;
    • o níor cheart díon ar aon síneadh den sórt sin a úsáid mar bhalcóin nó mar ghairdín dín.
  • • Garáiste tiontaithe
    • o De ghnáth, is díolúine díolmhaithe atá i gceist garáiste, stór, seid srl. a thiontú lena húsáid mar chuid de theach (m.sh. mar sheomra suí nó seomra leapa) nuair atá sé ceangailte ar chúl nó ar thaobh tí, faoi réir na teorann agus na gcoinníollacha 40 méadar cearnach mar atá leagtha amach thuas.
  • • Athruithe taobh istigh, deisiúcháin agus cothabháil taobh amuigh
    • o Is féidir aon athrú a theastaíonn uait a dhéanamh sa taobh istigh chomh fada agus nach n-athraíonn tú úsáid an tí mar bhaile. Ní gá cead pleanála a bheith ag teastáil le haghaidh oibreacha deisiúchán, cothabhála agus feabhsúcháin taobh amuigh cosúil leis an bpéintéireacht nó athphlastráil fad is nach mbíonn tionchar ábhartha aige ar an gcuma ar thaobh amuigh an tí, rud a fhágfadh nach mbeadh an chuma air ar aon dul leis an gcuma ar na tithe eile sa chomharsanacht.

Acmhainn

Healthy Age Friendly Homes Programme

 |  Fact sheets, Planning and regulation, Policy, Tips and tricks

The Healthy Age Friendly Homes Programme is an initiative, funded by Sláintecare, that aims to enable older people to continue living in their homes or in a home more suited to their needs, …