Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Baile a Ghlacadh ar Cíos nó a Chomhroinnt

Tá a lán daoine breacaosta atá ina gcónaí san earnáil chíosa phríobháidigh nó san earnáil chíosa shóisialta in Éirinn.

Tá roinnt tacaí rialtais ar fáil, mar shampla Forlíonadh Cíosa, an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), agus an Scéim Cóiríochta Cíosa. Chun níos mó eolais a fháil faoi conas tacaíocht um thithíocht shóisialta a fháil féach an leathanach faoi thacaíochtaí um thithíocht shóisialta ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Tithíochta.

Cuireann údaráis áitiúla`agus go leor Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta tithíocht ar fáil atá sainoirúnaithe do riachtanais daoine breacaosta atá incháilithe leis an tithíocht shóisialta. Chun fáil amach faoina bhfuil tú incháilithe leis an tacaíocht um thithíocht shóisialta, téigh i dteagmháil leis an údarás áitiúil i do cheantar féin.

Le roghanna comhroinnte baile cuirtear daoine breacaosta ar a gcumas a bhaile a chomhroinnt le daoine eile a bhfuil an chóiríocht ag teastáil uathu. Is féidir le scéimeanna daoine breacaosta a thacú fanacht ina mbaile féin go neamhspleách toisc gur féidir leo cúnamh a fháil le mionobair tí, leis an siopadóireacht agus, chomh maith leis sin, bíonn siad níos sábháilte mar gheall ar dhuine eile a bheith ina aice leo san oíche. Cuireann na heagraíochtaí ag seo a leanas seirbhís dá leithéid ar fáil, ag nascú óstaigh le baileroinnteoirí:

  • Is eagraíocht neamhbhrabúis é An Sciar Baile a soláthraíonn tacaíocht agus monatóireacht aghaidh ar aghaidh don socruithe sciar baile ar fad.

AVA Housing (Tionscadal Abhaile roimhe seo) ag tacú le húinéirí tí breacaosta a mbaile féin a athrú agus a oiriúnú le bheith níos oiriúnaí do dhaoine breacaosta agus spás ar leith a chur ar fáil ann chomh maith le haghaidh aonad cíosa.

Is iad na heagraíochtaí a thacaíonn leo siúd atá ina gcónaí san earnáil cíosa agus ar feidir leo níos mó eolais a chur ar fáil ná:

  • An Bord Um Thionóntachtaí
  • Tairseach
  • Eolas do Shaoránaigh