Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag dul in Aois-Ráiteas Polasaí

Is comhráiteas polasaí é Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag dul in Aois 2019, idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus an Roinn Sláinte. Leagtar amach ann sé phrionsabal a dhéanann eolas don smaointeoireacht straitéiseach agus don phleanáil phraiticiúil mar a bhaineann sé le roghanna tithíochta a fhorbairt mar aon le tacaíochtaí do sheanóirí. Seo hiad a leanas:

  1. 1. Bearta a chur i bhfeidmh a chintóidh go soláthrófar tithíocht inmharthana san áit cheart chun go mbeidh ar chumas daoine dul in aois ina gceantar féin;
  2. 2. Polasaí a dhéanamh agus é a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go dtacaíonn sé le hionaid uirbeacha a athnuachan agus a athbheochan;
  3. 3. Tithe agus an timpeallacht a dhearadh de réir phrionsabail na tithíochta inmharthana ar feadh an tsaoil;
  4. 4. An teicneolaíocht chúnta a chur chun cinn chun cuidiú le daoine maireachtáil go neamhspleách;
  5. 5. Cinnte a dhéanamh de go gcuirtear san áireamh an gá atá leis an nascacht shóisialta nuair atá polasaí á chur le chéile; agus
  6. 6. Comhoibriú chun na spriocanna polasaí a bhaint amach.
6 Key Principles:
Putting in place measures to ensure that sustainable housing is provided in the right location to enable people to age in the community;
Framing policy and implementation to ensure that they support the renewal and regeneration of urban centres;
Designing housing and the environment in accordance with the principles of sustainable lifetime housing;
 Promoting the use of assistive technology to support people to live independently;
 Ensuring there is adequate consideration to the need for social connectedness in devising policy; and
 Working together to achieve the policy objectives.

Ullmhaíodh an comhpholasaí i gcomhthéacs taighde a bhí ar siúl, a léirigh go raibh daonra na hÉireann ag dul in aois. Faoi 2051, meastar go mbeidh os cionn 1.6 milliún duine anseo a bheidh os cionn 65 bliain d’aois.

Housing Options Policy Cover

Roghanna Tithíochta dár nDaoinra atá ag dul in Aois’ Soláthraíonn sé creat a éascaíonn don Rialtas roghanna tithíochta éagsúla do sheanóirí a chur chun cinn, tithíocht le tacaíocht san áireamh, ach ina theannta sin, cuireann sé chun cinn bearta a chinneoidh go soláthrófar tithíocht inmharthana (le tacaíochtaí nuair is gá) san áit cheart chun go mbeidh daoine aosta ábalta dul in aois ina gceantar féin agus i measc a bpobal féin más mian leo.

Grúpa Forfheidhmithe

I Meán Fómhair 2019 Bunaíodh Grúpa Forfheidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar na Gníomhartha agus sa Ghrúpa áirítear an dá Roinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha.

Foilsíodh an obair atá déanta ag an nGrúpa Forfheidhmithe go dtí seo i dtuarascálacha atá le fáil anseo.