Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tithe Nua & Tithe Atá Ann Cheana Féin

Tá a fhios againn ó thaighde atá déanta gurbh fhearr leis an gcuid is mó dínn fanacht inár gcónaí inár dteach féin, agus inár bpobail féin, agus muid ag dul in aois.

Ba cheart machnamh a dhéanamh ar riachtanais athraitheacha na ndaoine a bheidh ina gcónaí sa teach le himeacht ama nuair atá teach á thógáil. Ba cheart tithe nua a dhearadh le bheith solúbtha, inrochtanach agus inoiriúnaitheach chun freastal ar riachtanais athraitheacha áititheoirí thar a saolré, más féidir.

Ba chóir tithe a dhearadh le bheith tarraingteach ó chun féachaint orthu agus chun timpeallachtaí maireachtála ar ardchaighdeán a sholáthar freisin. Tá sé níos éasca tithe a thógtar de réir phrionsabail an Dearaidh Uilíoch a oiriúnú chun freastal riachtanais daoine de réir mar a athraíonn siad le himeacht ama.

Tá an láithreán ar a dtógtar an teach thar a bheith tábhachtach, le go mbeidh rochtain mhaith ag na daoine a bheidh ina gcónaí ann ar sheirbhísí agus ar shaoráidí. Tá teimpléad curtha le chéile ag Aoisbhá Éireann chun cabhrú le measúnú a dhéanamh ar cé chomh oiriúnach agus atá láithreán

  Nuair atá gá ann le soláthar speisialta tithíochta, m.sh. dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí móra soghluaisteachta acu a éilíonn cathaoir rothaí a úsáid, is féidir treoir dearaidh a fháil sna Treoirlínte um an Dearadh Uilíoch do Thithe in Éirinn, ar shuíomh gréasáin Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus sa bhfoilseachán de chuid Chumann Tithíochta Habinteg ar Threoir Dearaidh um an Tithíocht do Chathaoireacha Rothaí.

Ba chóir go mbeadh na coinníollacha seo a leanas a bheith ag baint leis an teach le bheith dea-dheartha:

  • Rochtain éasca air agus éasca dul timpeall taobh istigh de.
  • In ann freastal ar raon gníomhaíochtaí éagsúla agus ar an solúbthacht úsáide le himeacht ama.
  • Éagsúlacht leordhóthanach áiseanna ann, mar shampla áiseanna cistine, limistéir stórála, áiseanna sláintíochta agus seomra folctha.
  • Éifeachtach ó thaobh fuinnimh, agus go leor spás ann chun obair a dhéanamh ann agus uisce a théamh go héasca, chomh maith le gnéithe leictreacha nó seirbhíse.
  • Éifeachtach ó thaobh fuinnimh, agus go leor spás ann chun obair a dhéanamh ann agus uisce a théamh go héasca, chomh maith le gnéithe leictreacha nó seirbhíse.
  • A bheith slán sábháilte agus daingean.
  • Riachtanais sna Rialacháin Foirgníochta agus sna Rialachán Pleanála araon a chomhlíonadh.
  • Eacnamaíoch ó thaobh dearaidh de, agus luach ar airgead curtha ar fáil leis ó thaobh na foirgníochta de chomh maith leis na costais cothabhála atá i gceist

Tá na hailtirí cláraithe liostaithe de réir ceantair in Eolaire Cleachtais an RIAI. Is féidir leat an t-eolaire a chuardach de réir ainm an chleachtais (má tá cleachtas ar eolas agat cheana), de réir scile, nó de réir suímh. Tá liosta de bharr-leideanna acu freisin faoina bheith ag obair i gcomhar le hailtire.

Naisc áisiúla eile

Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh treoir a thagann ó thíortha eachtracha lasmuigh d’Éirinn iomlán ábhartha leis an tír seo.

  • Tá treoir dea-chleachtais maidir le conas foirgnimh agus spásanna a dhearadh, a thógáil agus a bhainistiú ionas go mbeidh siad inrochtana do gach duine curtha le chéile ag an Ionad Barr Feabhais sa Dearadh Uilíoch san Údarás Náisiúnta Míchumais. Is acmhainn iontach iad na Treoirlínte um an Dearadh Uilíoch do Thithe in Éirinn. Is féidir féachaint ar an suíomh gréasáin faoin Dearadh Uilíoch freisin chun faisnéis a fháil faoi bheartas agus reachtaíocht a bhaineann leis an Dearadh Uilíoch in Éirinn.
  • Sa Ríocht Aontaithe, tá raidhse acmhainní agus taighde ar dhearadh agus ar rudaí le cur san áireamh maidir leis an bhfoirgníocht ar fáil ar an suíomh gréasáin HousingLIN. Tá prionsabail HAPPI (Housing our Ageing Population Panel for Innovation) bunaithe ar 10 bpríomhchritéar dearaidh le bheith curtha san áireamh agus tithe nua á ndearadh. Is féidir tuilleadh a fháíl amach faoi phrionsabail HAPPI agus faoi acmhainní dearaidh chun tithe a thógáil sa phobal a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Housing LIN.

Acmhainn

TUH Integrated Care Study

 |  Case-studies, Research

This study will explore the linkages between housing conditions and older people’s health with a view to informing housing providers and policy makers of the key components of healthy homes. …

Healthy Age Friendly Homes Programme

 |  Fact sheets, Planning and regulation, Policy, Tips and tricks

The Healthy Age Friendly Homes Programme is an initiative, funded by Sláintecare, that aims to enable older people to continue living in their homes or in a home more suited to their needs, …