Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Scéim Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá údaráis áitiúla maoinithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun oiriúnuithe agus síntí a dhéanamh ar thithíocht shóisialta atá ann cheana chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá ina gcónaí sna tithe sin, faoi na Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas (DPGanna).

Baineann an Scéim Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas le hoibreacha atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine aosta nó daoine faoi mhíchumas. D’fhéadfadh go mbeadh mionathruithe i gceist leis seo mar chathaoireacha staighre, greimráillí, cithfholcadáin, seomraí fliucha, rampaí srl. Soláthraíonn sé maoiniú freisin d’oiriúnuithe níos mó mar síntí (i gcás róphlódaithe), nó suiteáil seomra leapa nó seomra folctha thíos staighre.

Más tionónta údaráis áitiúil tú agus má éilíonn tú go ndéanfar obair i do theach ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Soláthraíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maoiniú 90% i dtreo chostas na n-oibreacha incháilithe in aghaidh an tí, agus soláthraíonn na húdaráis áitiúla an 10% eile. Féadfaidh an t-údarás áitiúil oibreacha a dhéanamh suas go huasleibhéal €75,000 in aghaidh an tí gan cead a fháil roimh ré ón Roinn. Is féidir iarratais de bhreis ar an méid seo a chur faoi bhráid na Roinne agus breithneofar iad le haghaidh maoinithe ar bhonn cás ar chás. Is faoin údarás áitiúil é tosaíocht a thabhairt do na hoibreacha arna n-éileamh faoin scéim i gcomhthéacs an mhaoinithe atá ar fáil agus de réir théarmaí na scéime Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá sonraí faoin maoiniú a cuireadh ar fáil (lena n-áirítear maoiniú i dtreo na scéime Obair Fheabhsucháin in Áit Tí (IWILanna) do roinnt údarás áitiúil) agus líon na n-aonad a dtacaíonn an maoiniú seo leo, ar fáil ó láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.