Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Pleanáil

Creat Náisiúnta Pleanála-Éire 2040 (NPF)

Foilsíodh Éire 2040-Ár bPlean nó an Creat Náisiúnta Pleanála (NPF) i mí Feabhra 2018, doiciméad náisiúnta chun pleanáil agus forbairt straitéiseach na hÉireann a threorú as seo go ceann 20+ bliain, lena chinntiú de réir mar a bheidh an daonra ag fás, go mbeidh an fás sin inbhuanaithe (i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus timpeallachta). Tabharfar le chéile in NPF i dteannta leis an bPlean Forbartha Náisiúnta deich mbliana ciste infheistíochta luach €116 billiún chun forbairt straitéiseach agus infheistíocht bonneagair ag leibhéal náisiúnta a threorú agus sonrófar ann an comhthéacs a bhaineann le gach ceann de thrí chomhthionól réigiúnacha na hÉireann chun a Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha a fhorbairt agus cuirfear san áireamh agus comhordófar Pleananna Forbartha Contae agus Cathrach áitiúla ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ailínithe

Creat Náisiúnta Pleanála Cuspóir 30

Aithnítear i gCuspóir 30 den Chreat Náisiúnta Pleanála, ionas gur féidir pleanáil d’aosú an daonra nach mór do bheartais a bhaineann le pleanáil áitiúil, tithíocht, iompar/inrochtaineacht agus áineas, cuntas a dhéanamh de riachtanais an ghrúpa seo mar chuid de chroístraitéis pleananna forbartha cathrach agus contae.  Áireofar anseo riachtanais athraitheacha daoine scothaosta, daoine atá ina gcónaí go neamhspleách ina bpobail féin agus tithíocht thacaithe a sholáthar más cuí.

Acmhainn