Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Leaganacha Amach Inmheánacha

Ba cheart go mbeadh gach áititheoir compordach, ar a caoithiúlacht agus sábháilte ina baile.

Ba cheart go n-éascódh dearadh gach seomra na príomhghníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích sa seomra sin. Ba cheart go mbeifí in ann gníomhaíochtaí gaolmhara nó comhoiriúnacha a dhéanamh sa seomra céanna nó i seomraí nó spásanna in aice láimhe, e.g., ba cheart go mbeadh seomraí bia gar d’áiteanna ullmhúcháin bia. Níor cheart go mbeadh seomraí ina bhfuil gníomhaíocht ghlórach ghrúpa ag tarlú gar do sheomraí staidéir nó scíthe agus ba cheart go mbeadh dóthain príobháideachais i seomraí suí agus i seomraí codlata, agus ba cheart foinsí torainn inmheánacha agus seachtracha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. I dtithe ina bhfuil dhá urlár nó níos mó, chun freastal ar an bhféidearthacht go mb’fhéidir go mbeadh soghluaisteacht laghdaithe ag áitritheoir tí amach anseo, is féidir machnamh a dhéanamh ar an bpoitéinseal a bhaineann le spás leapa a chur ar fáil ag leibhéal an phríomhbhealaigh isteach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh socrú den sórt seo deiseanna a chur ar fáil ‘a bheith ag obair ón mbaile’.

Ba cheart an teach a dhearadh ionas go mbeifear in ann úsáid éifeachtach a bhaint as solas nádúrtha an lae agus as solas na gréine, a mhéid is indéanta, agus a chinntiú go mbíonn solas díreach na gréine ag scalladh isteach i ngach príomhsheomra am éigin i rith an lae. Ba cheart méid, cruth agus suíomh na bhfuinneog a dhearadh ar bhealach a chinntíonn go bhfuil an méid tairbhe agus is féidir á baint as solas nádúrtha agus na radhairc atá ar fáil, agus aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le príobháideacht. Tá amharc ar an tsráid ó limistéar ináitrithe inmhianaithe, agus ba cheart go n-éascódh suíomhanna fuinneog radharc ar an spás seachtrach príobháideach agus radharc ar an gceantar mórthimpeall ar an teach. Go hidéalach ba cheart go mbeadh leaca fuinneoige faoi leibhéal súl daoine atá ina suí.

Go ginearálta, ba cheart dóthain spáis a chur ar fáil le haghaidh:

  • • An gnáthchineál troscáin, agus an gnáthshocrú troscáin i ngach seomra
  • • Saoirse gluaiseachta, oiriúnach do na gníomhaíochtaí a bheidh ar bun
  • • Píosaí móra troscáin a bhogadh isteach i seomraí agus idir seomraí
  • • Spás d’ócáidí teaghlaigh, cuairteoirí san áireamh
  • • Limistéar oibre agus áiseanna stórála
  • • Luascadh doirse nach gcuireann isteach ar dhoirse eile, troscán nó bealaí cúrsaíochta
  • • Radaitheoirí agus feistis eile a eagrú ar bhealach nach gcuireann srian le heagrú troscáin i seomra.

Acmhainn