Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Insiúltacht

Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi shainriachtanais spásúla daoine aosta ó thús na pleanála d’fhonn pobail níos insiúlta agus spásanna aoisbháúla a chruthú.

Tagraíonn insiúltacht i gcomhthéacs dearadh Aoisbháúil do cé chomh héasca agus atá sé do dhaoine aosta bogadh timpeall ar limistéar, foirgneamh nó spás. Beag beann ar aois, bíonn tionchar ag insiúltacht limistéir ar gach duine, ach is gnách go mbíonn daoine aosta níos feasaí agus féadfaidh na bacainní ar insiúltacht dúshlán a chruthú dóibh

D’aibhsigh staidéir a rinne Aoisbhá Éireann le déanaí ar féidir a fháil ar an láithreán gréasáin Dearaidh Uilíoch roinnt saincheisteanna coitianta a laghdaíonn insiúltacht limistéir agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar shaol daoine aosta. Leag na staidéir béim ar na difríochtaí beaga idir limistéar ‘inrochtana’ agus limistéar ‘insiúltach’ do dhaoine aosta. Mar shampla, ó na 2000idí luatha i leith tá go leor údarás áitiúil tar éis obair luachmhar a dhéanamh chun limistéir agus foirgnimh a dhéanamh níos inrochtana de réir na rialachán tógála Cuid M. Thaispeáin na Cláir um Bhailte Aoisbhácha, áfach, cé go bhféadfadh limistéir a bheith inrochtana go teicniúil, go gcuireann gnéithe dearaidh ar nós gaireacht na mboscaí bruscair chuig suíocháin (10 méadar ar a laghad), fad iomchuí idir suíocháin (gach 100 méadar), dearadh suíochán atá níos oiriúnaí do dhaoine aosta (le hanlaí le cuidiú le suí agus ardú ó bheith suite), amanna trasrianta coisithe níos faide ag acomhail bóthair níos mó nó miocraeráid thaitneamhach limistéir go léir le insiúltacht dhearfach limistéir agus de ghnáth ní bhíonn tionchar diúltach acu ar inrochtaineacht limistéir.

Féadann pleanáil mhachnamhach chun cinn agus breithniú cúramach maidir le suíomh spásúil feabhas mór a chur ar insiúltacht limistéir agus go minic bíonn tionchar mór ag athruithe beaga ar shaol dhaoine aosta.

Cad is iniúchadh insiúltachta ann?

Is éard atá i gceist le hiniúchadh insiúltachta ná grúpa daoine ag teacht le chéile agus bealach gearr pleanáilte idir 800 méadar agus ciliméadar amháin (leath mhíle go trí cheathrú míle) a shiúl d’fhonn a mheas cé chomh héasca nó chomh deacair is atá sé siúl ar an mbealach sin. Tá iniúchtaí insiúltachta iontach chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn baile do dhaoine aosta, agus conas a d’fhéadfaí é a fheabhsú. Déanann daoine measúnú ar rudaí cosúil le cé chomh héasca agus atá sé an bóthar a thrasnú, an bhfuil na cosáin cothrom, an bhfuil aon troscán sráide ag cur bac ar an mbealach, cén chuma atá ar na stadanna bus. Moltar do dhaoine aosta a bhfuil meascán cumais siúil acu an bealach a shiúl – cuid acu a mbíonn sé éasca orthu siúl, cuid eile a mbíonn sé níos deacra orthu ar chúiseanna éagsúla.

Cén fáth a ndéantar iniúchadh insiúltachta?

Bíonn spraoi ag baint le hiniúchtaí insiúltachta chun teagmháil a dhéanamh le daoine agus a fháil amach cé chomh héasca agus atá sé dul timpeall an bhaile. Is bealach maith é freisin do phleanálaithe baile agus innealtóirí bóthair áitiúla a bheith páirteach i gCláir um Bhailte Aoisbhácha.

Acmhainn

Age Friendly Seating

 |  Design guidelines, Tips and tricks

Seating is a really important component of Age Friendly communities. Appropriate seating supports people of all ages and abilities to access their local community. appreciates an opportunity to rest, and …