Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Straitéisí Aoisbháúla agus Pleananna Forbartha Contae

Leagann Plean Forbartha Contae creat straitéiseach amach maidir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe limistéar riaracháin an údaráis áitiúil, thar thréimhse sé bliana

Foilsíonn gach údarás áitiúil a phlean forbartha contae ar a láithreán gréasáin – laistigh de seo bíonn faisnéis sa Straitéis Tithíochta ar phleananna ar thithíocht do dhaoine aosta. Is féidir sampla ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a fháil ar a láithreán gréasáin.

Is éard atá i bplean forbartha ráiteas i scríbhinn agus sraith léarscáileanna a dhéanann cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm ag d’údarás áitiúil limistéir áirithe a úsáid, mar shampla, ceantair chónaithe, thionsclaíocha nó talmhaíochta. Leagtar amach ann freisin cuspóirí forbartha don cheantar, mar phleananna chun bóithre agus áiseanna áitiúla a fheabhsú. Nuair a bheidh plean forbartha nua á ullmhú, foilseoidh d’údarás áitiúil a rún an plean a athbhreithniú sna meáin áitiúla nó náisiúnta. Féadfaidh tú breathnuithe, aighneachtaí agus moltaí a dhéanamh ag an am seo.

Dréachtaíonn gach údarás áitiúil Straitéis Aoisbháúil freisin, plean cúig bliana atá ag iarraidh athrú dearfach a dhéanamh do Dhaoine Aosta atá ina gcónaí sa chontae. Is féidir iad seo a fháil ar láithreán gréasáin gach údaráis áitiúil. Is féidir sampla de straitéis na Mí ó 2017 go 2020 a fháil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae na Mí.

Meath CoCo Age Friendly Strategy 2017 - 2020 Cover Page
Straitéis Aoisbháúil Chomhairle Contae na Mí 2017 -2020

Acmhainn