Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Cúramóirí Teaghlaigh / Neamhfhoirmiúla

Is éard is cúramóir teaghlaigh ann duine a sholáthraíonn leibhéal suntasach cúraim go rialta do dhuine a bhfuil cúram de dhíth air sa bhaile mar gheall ar bhreoiteacht, míchumas nó laige.

Is éard atá i gceist leis an gcúram a sholáthraíonn cúramóirí teaghlaigh agus eile ná aire a thabhairt do riachtanais daoine a bhfuil raon leathan spleáchas ag dul dóibh ar fud gach aoisghrúpa. Cuidíonn an tacaíocht ón gcúramóir leis na daoine a bhfuil siad ag tabhairt aire dóibh fanacht sa bhaile, fad is atá sé sábháilte agus praiticiúil.

D’fhéadfadh go mbeadh cúramóirí incháilithe do dheontas tacaíochta cúramóra a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí gach bliain. Is féidir le cúramóirí tuilleadh faisnéise a fháil faoin deontas agus cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar an the láithreán gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh.

Chun faisnéis a fháil ar an raon tacaíochtaí atá ar fáil do chúramóirí teaghlaigh téigh chuig an leathanach seo ar láithreán gréasáin FSS.

Teagmhálacha Úsáideacha