Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Teicneolaíocht Chúnta & Teicneolaíocht Chliste

Féadann teicneolaíocht chúnta agus teicneolaíocht chliste teach a dhéanamh níos sábháilte agus níos compordaí do dhaoine agus iad ag dul in aois.

Teicneolaíocht Chúnta

Is mír í an teicneolaíocht chúnta a thacaíonn le duine tascanna a dhéanamh a bheadh deacair nó dodhéanta de ghnáth. Cuidíonn teicneolaíocht chúnta le cúramóirí tacaíocht a sholáthar. Seo a leanas roinnt samplaí de theicneolaíocht chúnta:

  • • Bealach isteach/doras/doirse uathoibrithe
  • • Rialú uathoibrithe ar fheistí sa bhaile mar an teilifís, an teas nó cuirtíní
  • • Idirchum idir seomraí
  • • Idirchum físe ag an doras tosaigh
  • • Gairis ghealánacha, m.sh. cloigín dorais, a thugann le fios do dhuine bodhar nó lagéisteachta go bhfuil duine éigin ag an doras
  • • Gairis Éisteachta Teilifíse, a ligeann don duine a bhfuil a éisteacht caillte aige fuaim na teilifíse a shocrú go neamhspleách agus deireadh a chur le torann cúlra
  • • Teileafóin aimplithe, a sholáthraíonn fuaim aimplithe agus ar chaighdeán níos airde a chuidíonn le daoine a bhfuil a n-éisteacht caillte acu an teileafón a úsáid.
  • • Ceapa piliúr creathach, a thugann foláireamh do dhaoine agus iad ina gcodladh. D’fhéadfadh clog aláraim, cloigín dorais nó aláram dóiteáin a bheith san áireamh anseo
  • • Feistí saorsheasaimh mar leideanna cuimhne agus aláraim

Teicneolaíocht Baile Cliste

Tagraíonn baile cliste do bhaile ina bhfuil teicneolaíocht, fearais agus gairis aige atá ceangailte tríd an idirlíon. Is féidir na gairis seo a rialú trí fhón póca nó trí ghléasanna eile a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon. Samplaí de seo is ea córais slándála a mheabhraíonn d’úsáideoirí gur fágadh fuinneog ar oscailt, nó brathadóir deataigh cliste a thugann rabhadh má thosaíonn bia ag dó. Féadann teicneolaíocht chliste mar scáileáin chliste agus gairis chumarsáide gutha a dhéanamh níos éasca teagmháil a dhéanamh le cairde agus le daoine muinteartha.

Tá go leor cineálacha éagsúla teicneolaíochta baile cliste ann, cinnfidh riachtanais agus roghanna an duine aosta cén teicneolaíocht chliste a thabharfaidh an leas is mó. Féadfar riachtanais na soláthraithe cúraim a mheas freisin.

Naisc Úsáideacha

    • Is acmhainn ar líne í Dementia Research Ireland a sholáthraíonn achoimre agus forbhreathnú ar thaighde agus ar bheartas i réimse an néaltraithe. Soláthraíonn an chuid a bhaineann le teicneolaíocht chúnta roinnt tuarascálacha úsáideacha.
    • Is eagraíocht sa Ríocht Aontaithe í Living Made Easy a sholáthraíonn comhairle ar réitigh, giuirléidí, oiriúnuithe agus áiseanna chun tacú le maireachtáil neamhspleách. Tá bileoga fíricí ar a láithreán gréasáin a sholáthraíonn comhairle ar raon trealaimh.

Acmhainn

ACORN Tablet Project

 |  Fact sheets

The ACORN smart tablet design is the outcome of studies and pilots summarized herein, where the views and experiences of older people were taken on board in the final layout, …