Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tionscnaimh na dTithe Sláintiúla

Is tionscnamh nua é Clár na dTithe Sláintiúla a Oireann do Dhaoine Breacaosta. Is éard is aidhm leis ná daoine breacaosta a chumasú le bheith in ann leanúint ar aghaidh ina gcónaí ina dteach féin nó i dteach atá níos oiriúnach dá riachtanais, ionas go mbeidh said in ann maireachtáil agus braistint amhail is go bhfuil siad neamhspleách, mar chuid dialais dá phobal féin, agus ionas nach mbeidh orthu dul isteach sa chúram cónaithe fadtéarmach níos luaithe ná ba cheart. Tá sé beartaithe go mbeidh 4,500 duine breacaosta ag baint tairbhe as tacaíocht an chláir seo sa dhá bhliain atá amach romhainn.

Beidh an clár seo faoi cheannaireacht chomhroinnte i 9 gceantar Údaráis Áitiúil, Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae & Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh, Comhairle Contae an Longfoirt, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comharle Contae Thiobraid Árann, Comhairle Contae na hIarmhí.

Tá sé léirithe sa taighde go bhfuil an chuid is mó de dhaoine ag iarraidh fanacht sa bhaile nuair a théann siad in aois. Is minic nach bhfuil an teach atá ag daoine oiriúnach don áitritehoir áfach, de réir mar a éirionn a riachtanais níos deacra, agus mar a laghdaíonn a acmhainneacht airgeadais, agus a chumas bogadh timpeall. Is féidir an timpeallacht chónaithe a thionú ó riosca sláinte a go taca sláinte ach an measúnú agus idirgheabháil cheart a bheith ann.

Tá sé ar ghné lárnach den chlár seo an ráta iontrála maidir le daoine ag dul isteach sa chúram fadtéarmach a lagdú de dheasca, go bunúsach, timpeallacht chónaithe a bheith acu nach bhfuil oiriúnach dá riachtanais sláinte agus folláine. Is féidir leis an chóiríocht nach bhfuil oiriúnach do dhaoine breacaosta a bheith inghluaisteach, fanacht tirim teolaí agus slán sábháilte a bheith ina chúis shuntasach leis an gcinneadh dul isteach sa chúram fadtéarmach.

Is éard atá mar Churpóir Chéim 1 de Chlár na dTithe Sláintiúla a Oireann do Dhaoine Breacaosta ná tacú le daoine chun cónaí ina dteach féin, go neamhspleách agus lán-dínit, chomh fada is gur féidir, ionas nach mbeidh siad ag dul isteach sa chúram cónaithe fadtéarmach róluath. Is éard atá mar uailmhian ag an gClár ná daoine a chumasú le bheith in ann saol níos faide níos sláintiúla a chaitheamh agus iad ina gcónaí ina mbaile féin, ag braistint amhail is gur chuid dílis dá bpobail féin iad, ach cinnte a dhéanamh de go bhfuil siad i dtimpeallacht atá oiriúnach dóibh, ó thaobh inrochtaineachta, méide, slándála, agus comhshaoil de, an teas san áireamh.

Tá an Roinn Sláinte, Sláintecare agus Aoisbhá Éireann (Comhairle Contae na Mí) tar éis an clár comhroinnte nua seo, ‘Tithe Sláintiúla a Oireann do Dhaoine Breacaosta’ a rolladh amach i 9 gceantar Údaráis Áitiúil.

  1. 1. Daoine breacaosta a chumasú le bheith in ann leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina mbaile féin nó i mbaile atá níos oiriúnaí dá riachtanais féin (Coigeartú Méide)
  2. 2. Maireachtáil ag mothú amhail is go bhfuil siad neamhspleách
  3. 3. A bheith mar chuid dá bpobal féin, agus braistint amhlaidh
  4. 4. Tacú le daoine fanacht sa bhaile gan gá a bheith ann dul isteach sa chúram cónaithe fadtéarmach rólua

fadtéarmach rólua Cad iad na buntáistí duit féin?

  • • Déanfaidh Comhordaitheoirí Tithe a Oireann do Dhaoine Breacaosta measúnúa riachtans chun chruthú cad iad na tacaí atá ag teastáil uait le bheith in ann leanúint leat fanacht sa bhaile níos faide
  • • Forbrófar plean tacaíochta dírithe ar an duine tar éis an mheasúnaithe
  • • Má bhraitheann tú nach bhfuil do bhaile oiriúnach duit a thuilleadh agus go bhfuil tú ag iarraidh baile nua a fháil, atá níos oiriúnach, is féidir Comhordaitheoirí Tithe a Oireann do Dhaoine Breacaosta faisnéis a chur ar fáil duit maidir leis an gCoigeartú Méide i do phobal/chontae/chathair fein.
  • • Is féidir leo faisnéis a chur ar fáil faoi conas do bhaile fein a oiriúnú agus na deontais chearta atá ar fáil chun tú a thacú leis na hathruithe siúd, agus béim leagtha ar an dearadh uilíoch agus ar an éifeachtúlach fuinnimh,
  • • Is feidir leo rochtain a thabhairt duit ar raon tacaíochtaí tithíochta, sláinte agus cúraim shláinte chun cuidiú leat cinneadh a dhéanamh faoin cad atá ag teastáil uait chun tú a chumasú le bheith in ann do shaol a mhaireachtáil sa bhealach atá de d’iarraidh, an oiread is gur féidir, i do phobal féin.