Tá an chuid is mó den 64,000 duine measta atá ina gcónaí le néaltrú in Éirinn ina gcónaí sa bhaile ina bpobail áitiúla.
Scáth-théarma is ea néaltrú do ghrúpa riochtaí a bhfuil na siomptóim chéanna acu. Is iad na cineálacha is coitianta ná galar Alzheimer, néaltrú soithíoch agus néaltrú measctha (meascán de ghalar Alzheimer agus athruithe soithíoch san inchinn). Cé go mbíonn tionchar ag an néaltrú ar dhaoine de ghnáth de réir mar a théann siad in aois, ní bhfaighidh naonúr as gach deichniúr néaltrú.
I measc roinnt siomptóim choitianta den néaltrú tá an cumas cuimhneamh, pleanáil, teanga a úsáid, do bhealach a dhéanamh agus rialáil a dhéanamh ar ghiúmar agus iompar. Bíonn tionchar ag staid shóisialta an duine, a stádas sláinte foriomlán, a phearsantacht, agus a roghanna cúraim agus tacaíochta ar néaltrú freisin.
Cuidíonn dea-dhearadh le daoine le néaltrú fanacht ina gcónaí sa bhaile agus ina bpobal go neamhspleách agus go sábháilte chomh fada agus is féidir agus tacaíonn sé le baill teaghlaigh agus cúramóirí eile freisin.
D’fhorbair an Lárionad Foirfeachta san Údarás Náisiúnta Míchumais treoirlínte do chur chuige dearaidh uilíoch maidir le tithe nua a thógáil agus a iarfheistiú chun tacú le daoine a bhfuil néaltrú orthu. Is féidir leat na treoirlínte sin a fheiceáil ar láithreán gréasáin an Lárionaid i nDearadh Uilíoch.
Tá roinnt láithreán gréasáin agus acmhainní úsáideacha ann a sholáthraíonn faisnéis maidir le maireachtáil le néaltrú:
- Soláthraíonn Dementia Pathways acmhainní agus treoir do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta chun tacú le dea-chleachtas i gcúram néaltraithe. Is í Oifig Náisiúnta Néaltraithe FSS a bhainistíonn an láithreán gréasáin.
- Is eagraíocht charthanachta í Alzheimer Society of Ireland do dhaoine ag fulaingt le néaltrú agus do chúramóirí teaghlaigh. Oibríonn sí ar fud na tíre ag soláthar seirbhísí agus tacaíochtaí a bhaineann go sonrach le néaltrú chomh maith le tacú le cearta agus riachtanais daoine atá ag fulaingt le néaltrú agus a gcúramóirí. Feidhmíonn sí líne chabhrach náisiúnta ag 1800 – 341 341.
- Soláthraíonn Western Alzheimer raon iomlán seirbhísí cúraim agus tacaíochta do theaghlaigh a bhfuil tionchar ag Alzheimers/Néaltrú orthu in Iarthar na hÉireann.
- Is acmhainn ar líne é Dementia Research Ireland a sholáthraíonn achoimre agus forbhreathnú ar thaighde agus ar bheartas i réimse an néaltraithe. Soláthraíonn an chuid a bhaineann le teicneolaíocht chúnta roinnt tuarascálacha úsáideacha.
- Is eagraíocht sa Ríocht Aontaithe í Living Made Easy a sholáthraíonn comhairle ar réitigh, giuirléidí, oiriúnuithe agus áiseanna chun tacú le maireachtáil neamhspleách. Tá bileoga fíricí ar a láithreán gréasáin a sholáthraíonn comhairle ar raon trealaimh.
- Tá faisnéis ag an Institiúid um Shláinte Phoiblí ar bhealaí chun meath cognaíoch a mhoilliú agus stíl mhaireachtála shláintiúil inchinne a ghlacadh. Is féidir an fhaisnéis a fháil ar a láithreán gréasáin.